Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 183
- XML “Cúl na Beinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá mbeadh arús agam i Mam a Sgeardán
Dubhach is paipéar a bheith agam ann;
Budh dheas a sgríobhfainn i ndubh is i mban é
An moladh aluinn do bhí ar an gleann.
Sé d'iarrfainn d'impide ar Rí na nGrásta
Intleacht Homer a bheith in mo cheann
'S gur le'n a mhaitheasa budh mhían liom trácht air
Acht faoraor géar, tá mo inntleacht fann.
(II)Sé dubhairt fear as Acaill liom
Ná biodh ort buaidhreadh
Ná bí ag gol nó ag éagcaoin indiaidh Cúl na Béinn
Bhéarfadh bean dhuit is dá chéad bó léi
Is acra moinfhéir in aghaidh a cinn.
Báid is eangachaí 's fuireann gléasta
A thiubhradh éadail isteach ón tuinn
Agus silim féin gur fearr an méid sin
Na a bheith ag gol is ag éagcaoin in a dhiaidh Cul na Beinn.
(III)Dá dtabharthá bean dhom is dá céád bó leí
'S acra móinfear in aghaidh a cinn
Baid is eangacha ar fhad Croc (crioch) Fodhla(leanann ar an chéad leathanach eile)