Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus is fad ó bhí. Bhí bean agus clann agus teach aige. Chuir sé aimsir ar bhuachaill agus nuair a bhios an breicfeast, an dinnéar agus an suipéar thart dearfadh fear an tighe "tá gach duine agus a saith ithte aige anois agus tóg na miasa follamh".
Bhí an buachaill ag éirige iongantach lag agus ní raibh sé indor an talamh a shiubhal. Bhí go maith agus ní raibh go dona.
Lá amhain casadh tailliúr leis agus d'innis sé do'n tailliúr nach raibh aon chothú aige.
"Tá go maith, muinfidh mise iad" ars an tailliúr. Tháinig sé chuig teach an mhaighistir agus d'íarr sé loistin agus fuair sé é.
Leagadh an suipéar agus nuair a bhí gach rud thart, nigheadh na soithigh agus dubhairt an tailliúr nach raibh a shaith itte aige go fóill.
Bhí an tailliúr ag ithe gur shín sé na cosaí uaidh. Bhí sé in am dul ag codladh nuair a bhí an tailliúr réidh agus bhí sé chomh tuirseach gur thuit sé in a codladh cois na teineadh.
Amach san oidhche bhuail ocras fear an(leanann ar an chéad leathanach eile)