Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "An codladh seo a Mathair"
    "Ní h-eadh ach aisling a Gradh geal
    Go mbeidh Tú gabhtha le do námhaid imbárach
    Go mbéidh Tú ceanhailte lé rópaí caoile cnáibe,
    Slisne nimhe is do thaobh,
    Coróin sníomhtha i n do cheann,
    Deilg i-n do bhaithis,
    Cáirne maoile géara i n do chosaí is in do lámhaí
    Go mbeidh Do chuid fola fíos0úasal a'rith anuas
    Go mbéidh Tú ag iomchur na croiche suas ar Croc imbárach."
    "Is fior sin a Mhathair."
    Duine ar bith a deireas an aisling trí uaire roimh a bás codladh tá ifrinn bradach seacainte agus Flaitheas Dé le fághail aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Sean Uí Maille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo