Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na síoda gléigeal go barr na gcrann,
Ach baineadh culaith dhíot de toghadh an éadaigh
An Canvas gleigeal a fíghtheadh thall.
Bhí Mister Mahon ann, is ba mhór an garda é,
Is an t-airm Gallda aníar in a dhiaidh
Duil le pópa, an Jib ná an cábla
Is an Sluipín Mháchan ar poll in a ndiaidh.
Bhí stiúradh gunnaí ann is lasgaadh pudair,
Is áirdeall mór ar an mBulán mBán,
Thart ar bharr sgoithe is ag déanamh Duty
Dá bhfuighti ciuin é go Maodanineágh. (?)
A Shluipín mhachain seacht ngradh go h-éág thú
Cá lán do d'caoineadh da mbeadh cabhair ann,
Is tú a bhéarfad an caife, rum, tae, is branda anall,
Is tobac go h-Éirinn nuair a bhí sé gann.
An Shluipín Mhachain tathar fada ag dúil leat
Nach tú a d'fhág brón mór ar na Waterguards!- Bailitheoir
- Colm Ó Caitigín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máighréad Ní Mháille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo