Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 112
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an chaoi ar cáilleadh a mhac bhféidir agus gur phós a bhean fear eile. Bhí fearg air ach chuimhnigh sé ar comhairle an fheilméara, agus thóg sé a phíopa as a phóca agus las sé é, agus thosuigh sé dhá chaitheamh.
Níorbh fada gur dúisig an fear a bhi 'sa leabaidh agus chonnaic a atair é ag corrughadh. Labhair sé leis.
“Cé chaoi bhfuil tú a mhic?”
“An tusa m'athair?”
“Is mé cinnte”
Dúisigheadh an mathair leis an gcainnt agus d'innis an mac dá mháthair gurbh é a athair a bhí ann. Dubhairt an mathair nach raibh ann ach go rabhadar imighte a gcodladh lé sgathamh. D'éirigh sí agus chraith sí lámh lé-n-a fear. agus ar sise, “is fearr a bheith ag dúil le muir ná a bheith ag dúil le cill”.
D'éirigh an mac freisin agus chuir sé uisge ins an tulán agus nuair a bhí sé fiochta chuir sé síos an tae. Thóg an t-athair na cácaí a thug an feilmeor dhó as an mála agus ghear sé an cheann ba troime díobh, ach céard a bhí istigh ann ach cnap óir agus airgid. Bhí athas mór ortha araon.
Chruinnigh síad an t-airgead agus chuir síad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 99
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo