Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 111
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhí ag íarraidh air teacht tríd coill ach ní rachadh sé agus chuaidh an fear eile tríd an gcoill.
Lá 'ar na bhárach chuala sé gur marbhuigheadh fear 'sa' gcoill. Bhí sé buidheach nach ndeachaidh sé tríd an gcoill. Tár éis dá lá eile bhí sé gar dá bhaile fein. Nuair a tháinig sé go dtí an teach, bhí sé dorcha agus bhí na daoine in a gcodladh. Ní raibh glas ar bith ar an doras ach é leagtha amach agus maide in a sheasamh leis le-n-a congbháil amach.
Chuir sé a lámh isteach agus thog sé an maide dhorais, chuaidh sé isteach chun an tighe. Bhí solas beag ar an teine agus rinne sé a bhealach go dtí an teine. Thárraing sé stól chuige féin agus shuidh sé 'sa gclúid. Fuair sé an t-slú agus chuir sé an teine le céile agus chuir sé moin uirrí. Dhearc sé isteach 'sa leabaidh agus bhí a bhean agus a mhac a dfhág se 'sa teach bliadhain is fiche ó shoin ann - in a gcodladh go sámh. Fuair sé stompa giúsaighe a bhí ar an mbac, shaith sé isteach 'sa teine é. Tháinig lasar breagh ar an teine, agus dhearc sé níos fearr ar a mnaoí agus ar a mhac.
Shíl sé go raibh a mhac níos aoirde agus níos mó ná ba cheart dhó. Shíl sé gurbh é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 99
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo