Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 110
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó.

    Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó. Nuair a bhi an mac bliadhain d'aois chuaidh a athair ar lorg oibre. Chuir feilmeoir aimsir bliadhain is fiche air. Bhfada leis an aimsir ach, bhí sé sasta cur suas leis.
    Niorbh fhada go raibh an aimsir thuas agus bhí an fear lé n-a phaighe a fhághail agus dul abhaile. Rinne bean an fheilmeora dá cháca dhó agus chuir sí a páighe i gceann aca agus dubhairt sí leis gan an cheann sin do ithe. Thug an feilméar trí chomhairle dhó freisin - gan dul aon aith-ghiorra ach fanacht ar an mbhóthar.
    Gan fanacht oidhche i dteach a mbheadh bean óg pósta ag sean-fhear.
    Nuair a bhéadh fearg air, a phíopa a lasadh.
    Bhog leis abhaile. Bhí bealach fada roimhe. Chuaidh sé isteach i dteach um trathnóna agus dfhan sé ann sgathamh, ach chuaidh sé amach mar bhí bean óg pósta ag sean-fhear ann. Bhí sé ag dul abhaile ar feadh na h-oidhche. Casadh fear eile leis ar maidin agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Maighréad Ní Mháille
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    99
    Seoladh
    An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo