Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 368

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 368

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 368
  3. XML “An Chuach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Cuach
    Tigeann sí annseó gach samhradh idtús Bealtaine. Bliadhannta bíonn sí luath seachtmhain, agus deireann na sean-daoine go mbéidh droch samhradh air, agus an bhliadhain a thigeann sí mall bíonn deagh samhradh ann.
    Nuair a cloistear an chuach tá an samhradh ann dárírí, bíonn sí ag cheol ar feadh an lae, go mór-mhór go moc ar maidin agus sa tráthnóna. Is éan fallsach í mar ní dhéanann sí nead ar bith acht beireann sí a h-uibheacha i nead éin eile.
    Ins na crainnte is mó a bhíonns sí, mar bíonn foscadh maith ann. Fágann sí an tír in lus?, agus nil fhios againn cá n-inthigheann sí.
    Creideann na sean-daoine gur glaodhann sí ar na géabha óga, coinigheann sí siar iad agus nuair a thigeann siad amach bíonn siad lag. Tigeann trí droch lá faoi Bhealtaine agus an t-ainm ata orra "Trí Lá na Cuaiche".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghallcobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo