School: Tóin an tSeanbhaile

Location:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Pádhraic Mac Pháidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 355

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Page 355
  3. XML “Leas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leas
    Tá sí ag fás ins an cladach, cuirtear amach í mar leasú. Cuirtear cuid de ar an fhear, tá an leasa dubh go maith do na fatai, agus bíonn bárr maith ann nuair a cuirtear amach é.
    Feamnach a tugtar ar an leasa dúbh agus fásann sí ar na clocha, baintear í san Earrach, nuair a bíonns na róbhartai móra ann. Tá siad ga baint anois.
    Tarrnuigheann na daoine suas í ar chapaill agus asail.
    Tigeann leasa isteach leis an taoille agus an t-ainm atá air "Leathach" agus tá sí sin go maith do'n fhéar, tá sí fada agus tá slata mara fríd. Tiormuigheann siad na slata mara, dóightear íad agus déantar ceilp dóbhtha. Tá leasa eile ag fás ag bun an chladaigh agus an t-ainm atá air "Stiallach" agus tá sí sleamhain, tá sí súghach agus tá sí go maith mar leasú.
    Is obair chruaidh é a beith ag pléidhe le leasa, bíonn tú salach agus tuirseach. Ní cuirtear amach leath an mhéid anois a cuirtí amach fadó, cuirtear amach leasú mála agus aolach anois.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Páid Ó Cabharcaigh
    Gender
    Male
    Address
    Dumha Goirt, Co. Mhaigh Eo