Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- XML Leathanach 349
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúram na gCosNí chaitheamh na daoine bróga fadó, go mbéadh siad mór, chualaidh mé faoi fhear nár chaith bróga ariamh agus an t-ainm atá air "Séamus Ó Conghaile. Is gnáthach do na páistí dul cos-nochta, téigeann siad cos-nochta san samhradh agus an t-uisge a nígheann siad a gcosa ann caitheann muid eibhleóg ann ar fhaitchíos go mbéarfadh na taidhbhsighthe orainn. Agus deireann muid "Chugaibh, Chugaibh uisge salach, más é do thoil é fág an beallach".Bíonn bonn-bhallaibh ar na cosa, agus gearad-crúiscín idir na méaranna agus bíonn teasló faoi na méaranna freisin agus an leigheas atá dhó sin, greim olna agus uisge, acht caithfidh an olann a bheith fliuch, agus an leigheas atá don ghearad-crúiscín sallann agus rúaithe a chuir idir na méaranna agus éadach a cheangail thart orra. Agus an leigheas atá don bhonn-bhallaibh sóapa agus siúcra agus bainne, agus deireann na sean-daoine dhá ligheadh an madadh é, go mbéadh sé go maith.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhaoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo