Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 344

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 344
  3. XML “Na Bóithre agus na Leachtaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Bóithre agus na Leachtai
    Ta go leór bóithre agus leachtai thart annseo, tá cionn i dTóin an tean Bhaile agus an t-ainm atá air "Bóthar Beag". Bhí sé ag dul go dtí cladach. Fadó nuair a bhí siad dhá dhéanadh bhí na fir agus na mná ag obair air le cláibhigh agus bhí siad ag tarraint gainimh ionnta.
    Ta Leachtaí i dTóin an t-sean Bhaile, tá dhá ceann ar "Gob Bán", bhí fear ag dul thart leis an chladach lá agus fuair sé fear ar an tráigh agus bhí sé marbh agus thug sé suas ar an gob é agus chuaidh sé abhaile agus fuair sé spád, agus thanaich sé aníos.
    Ta ceann eile ar "Gob Bán" freisin agus an fáth a thanaich sé annsin, bhí fear ag dul go "Gob Bán" agus chonaic sé fear acht bhí sé marbh agus do rinne se poll agus chuir sé annsin é, agus tá an leacht air go fóill. Ta bóthar ar an t-sráid agus an t-ainm atá air an "Bothar Mór" agus an fáth a tugann siad an t-ainm sin air tá sé mór agus tá sé fada síos.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Cabharchaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo