Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Pósaithe san Áit seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Posaidhthe san áit seó
    Fadó in Acaill nuair a bhí siad ag dul ag phosadh ní raibh gluaisteain ann, caiple is mó a bhí acú agus bhíodh spórt acú an t-am sin. Deireann na sean daoine go raibh siad ag rásaí nuair a bhíodh siad ag teacht abhaile leis an phosadh agus bhíodh na mná mar chulóig leis na fir. Go fóill deireann na daoine nach maith do dhuine ar bith pósadh ar Dia Luan, sin sean phisréog atá ag na daoine. Chuala mé sgéal faoi fhear a bhí pósta san teach, nuair a thanaig an sagart isteach bhí na cearcai thuas ar an bhord agus bhí an bhean ag an teine agus bhí an cat ag sgreadhaighil agus bhí an madadh ag rith indhiaidh an chait.
    San Earrach is mó a phósann na daoine anois, déanann siad cleamhnas san teach roimh an phósadh agus an spré a thugann siad do'n chailín nó do'n fhear beithidhigh is mo. Bhíonn uisge beatha agus go leor cacaí milse acú agus fíonn le h-aghaidh na mban, tugann siad an cuireadh do na daoine thart san áit. Fadó beadh na claimearaí ag dul thart nuair a bhíonns phósadh ann. Bhí cailleach agus sean fhear agus gárda ann agus bhíodh siad ag damhsa agus hata deanta de chochan acú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Duibhídhír
    Seoladh
    Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo