Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- XML Leathanach 336
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit-AinmeacaTa go leór ainmeaca ar na h-áiteannaí thart annseó, tá áit i Dubhgort agus an t-ainm atá air "Tobar an t-Sléibhe" mar tá an t-sléibhe in aice leis an thobar. Tá áit éile ann agus an t-ainm atá air "Log a Chreagáin Daraigh" is casamhail go raibh crainnte daraigh ag fás ann fadó. Tá áit inaice liom agus an t-ainm atá air "Bun a Lochaigh" mar tá an lachaigh thuas ar an chnoc agus tá "Bun a' Lochaigh" ag a bhun. Tá áit éile ann agus an t-ainm atá air "Bearna na gCapall" fadó bhíodh sé mar bearna ag na caiple. Tá áit ann agus an t-ainm atá air "Poll an Mhaidaidh Uisge" is áit gharm é agus tigeann na maidaigh uisge isteach ann. Tá áit éile ann agus an t-ainm atá air "Bearna na gCor agus an fáth a tugann an t-ainm sin air fadó nuair a bhíonns na daoine ag ceapadh na gcor agus nuair a bhíonns siad ag teacht abhaile shuidh siad síos annsin agus sin é an fáth a tugann siad an t-ainm sin air "Bearna na Gcor". Tá ait éile amuigh ar an chnoc agus an t-ainm ata air "Fideán na Circe" is casamhail go raibh sean cearc ann fadó. Ghairridh Sléibhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Diubhídhír
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo