Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)
- Suíomh:
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an t-athair Mághnus Mac Suibhne ar dhuine des na daoine is mó cáil dár mhair i Mhuigheó ariamh. Is mór ar fad an meas atá ag na daoine in Achaill agus ar fud Co Mhuigheó air. Bhí sé mar lóchrainn soluis in am na géarleanamna agus chabhruigh sé go díograsach an fíor chreideamh a choinneáil slán i Muigheó.
Rugadh an T-Athair Mághnus Mac Suibhe i ndubh Chinn Aille in Íochtar Achla. Bí a muinntir niba shaidhbre ná na hiondúiné eile. O bhí sé in-a mhalrach gadtí gur mhéaduigh sé in-a stóchach bhfacthas do na comhursain go raibh maomhthacht in-a aghaidh thar stócaigh an an pharóiste. Mar geall ar sin thuig a athair go raibh sé orduighthe ó bhéal Dé,sagart a dhéanamh dhá mach. Is dótha go bhfuair an gasúr a cuid eolais ar an laidean agus ar an ngreigis in Achaill. Annsin cuir a athair go dtí an Fhrainnc é nó go bhfuair sé oideas agus órd sagairt, mar bhí na dligthe piannaidheachta i bhfeidhm an uair sin. Nuair a tháinig sé ar ais ó pháras ina shagart ní móide a rádh go raibh athas ar a mhuinntir. Sagart fíor ghaedhealach tir ghrádhach thar bárr a bhí ann agus mar gheall ar sin bhí an dear ghráin ag na Sassannaigh dó.
Le linn an ama seo feadh tháinig an Ridire Niall Ó Domhnaill go dtí baile Uí Fhiodhcháin. Duine de shliocht Domhnailligh Tíre Conaill do b'ead é ach bhí sé níos déine ar na Caitlicigh ná mar bhí na Sasanaigh fein. Bhain sé an talamh dé na Máilligh agus araile nuair nach séanfaidís a gcreideimh. Bhí ana shaoghal ar fad an tráth sin(leanann ar an chéad leathanach eile)