Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 138
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)71. Bíonn an rath i mbun na sona
72. Is árd fuaim na nuisge néadtrom.
73. Is fearr an té a éirigheann na an té a Thuiteann.
74. Gan blas gan buidheachas.
75. Mas mín an luchóg gearrfaidh sí sac.
76. I mhaith leis fhéin a ghnidheas an cat cronán.
77. Ní fhuair na madadh ruadh riamh teachtaire níos fearr na é féin
78. Is ónoraigh an poll na an páiste.
79. Is furust beathach (capall) a thabhairt go dtí an t-uisge acht is doilig chur air ól.
80. Is olc an cú nach fiú fead a dhéanamh air.
81. Ní thig olc ar bith na fearr do fhéar eiginteacht.
82. Bean gan leith-sgéal-bean gan leanbh.
83. Is maith an té a ghnídheas a ghnoithe do féin.
84. Tá cuma ar achan shéort acht bhrachan a ól le graip, agus winker a chur ar bheathach dhall; bainne eirce a chur ann adharc muice agus cleite cait a chur a mheasgadh.
86. Is minic a bhíos cú mall sona.
87. Is biun béal ‘na thost.
88. An rud a scríobhfhis an púca léigfhidh sé féin é.
89. An té a buailtear ‘sa cheann bíonn eagla air.
90. Caith do phíopa, as bhí ‘do thost, níl anus (ius) an t-saoghal seo acht ghaoth as [te]?
91. Mas fada an lá thig an oidhche ‘san deireadh.
92. Fághann? Foighid ‘an phortaigh.
93. An te áta saor, caitheadh sé cloch.
94. Dá gcuirfeá bríste ar stacan gheobhfadh sé bean.
95. Ag cainnt leis an ghearran-bhán agus an ghearran ban ag dul [a]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall