Scoil: Druim Caoin

Suíomh:
Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán A. Ó hArthaighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim Caoin
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus d’éaluigh siad uaim le Páidir Ó Raifirtí.
    An té a chailleas a náire bíonn an dónacht ag méadughadh
    Da mbéadh Seon beó bhéadh a mhéar ‘san aran.
    Bíonn an diabhal maith do na bhunadh fhéin.
    Is minic a fuair neart thar an ceart.
    Is furust do ghiolla gan náire a ghnoithe a dheánamh.
    Is beo mé andiaidh mo dhaoiní, acht ní beo mé gan toit de’n phíopa.
    Duine uasal fear an dá bhó, agus boch mór fear a’ dtrí.
    Bhí ásal ann ám amháin idir dhá chruaich féir agus cailleadh é.
    Ní ólann na mná an [ceann]? acht téidh sé thar le na linn.
    “Is beag a’ rud a tchí an tsúil” arsa’n fear a ghearr ádhbhar an chota mhóir na rabh aige acht adhbhar cnaibe.
    “Is iomda gléas ceoil ann” arsan fear a rabh trumpa an adhmaid aige.
    Is fearr ainm máith na saidhbhreas mór.
    Thug an cat a dhubhan (dhubh-shlán?) ar bhainne [mhiles]?
    Is fearr theacht ar an t-saoghal le h-ádh na le saidhbhreas.
    Is fearr greim anois na naoí ngreim arís.
    Ní dheántar féile gan amaidigh.
    ‘Gad is deise do’n scórnach is cóir a dhéanamh ar dtús.
    Is fearr píopa briste na gan píopa ar bith.
    Ní bhíonn an t-seilg ar an t-suidheachan.
    Sinn fhéin, sinn fhéin.
    Síoda buidhe ar shíobhan, agus na préabáin ar ar nathar.
    Nuair a thiocfhas amaireach tiocfaidh a chuid.
    Ualach an ghiolla leisg - beireadh leis no fagadh
    Éire uasail, inis na Rí agus na Naomh.
    Bean ar meisge, bean in aisge.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán A. Ó hArthaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall