Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair do smaoinigh sé nach [bhfórfea]? sin le na shluagh. Chár ghnáthach leobhtha san teacht ‘na bhaile follamh ó shluaghacht ar bith; agus b’fhios do go ró-mhaith go rabh náimhde dhó san sluagh sin, imeasg a ghaoil féin, go dearbhtha; agus chuirfeadh siad míochumha ar an ghníomh dá sgaoilfeadh sé an chreach-ghabhail le h-inghin Uí Chonchubhair. Chá rabh a chumhacht nó a cheannas daingean go leor i dtír-chonaill fós go ndeanfadh sé do réir a thola féin. Ar an ádhbhar sin d’fhreagair [?] an ainnir amhail agus da mbéadh sé (gaon) gan aon aithne do bheith aige uirthi. “Go deimhin, a inghean Uí Chonchubhair,” arsé. “Is méannra do chloinn Chinchubhair, (ar) do léithéid-se d’eadarghuidhtheoir a bheith aca. Chán [fhiu]? sé ionnamsa do eiteach. Acht cheana, chá dtig le fearaibh Thírchonaill gabhail arais go Tírchonaill gan a(leanann ar an chéad leathanach eile)