Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fá mar do thug mo thighearna-sa Ua Conchubhair Shligigh droch mheas duit “Chán sgéal nuadh damhsa.” Arsa Ua Domhnaill,” gur eascara damh Ua Conchubhair gidh gur mise a rí dlisdheanach, agus go bhfuil ceannas ag Tighearnaibh Tír-Chonaill le fad riamh ar Ua Concubhair Shligigh agus ar gach triath agus taoseach i gCorrainn, i gCairbre agus i Dtuaisceart Chonnacht uilig. Acht tá Donnchadh Ua Conchubhair comh tógtha sin le Gallaibh Duibhlinne, agus comh tugtha do’n Ghalldachas nach leor leis gan chíos do dhíol liomsa mar is dual dó, acht go bhfuil sé ag mo mhaslughadh gach aon uair is féidir leis é, agus acht nach leigfeadh an eagla dhó é thógfadh sé bruidhean orm gConnacht. Acht goidé an maslughadh [seo]? thug sé orm ar na moillibh. “Tá,” arsa mac Uí Choncubhair. “Tháinig [sé]?(leanann ar an chéad leathanach eile)