Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fíor dhuit. Tá dath d’fhuil an Dálaigh Mhóir ann do chuisleannaibh. Cuirim fáilte romhat go Dún-na-nGall, rud nach ndeanfainn roimhe do fhlaith mar tá fhios agam nach cara damhsa é. Rinne sé crathamh láimhe leis an Chonchubharach. Bhuail sé an cloigín arís, agus ar dteacht isteach do’n ghiolla, thug Aodh órdughadh dhó fíon agus biotáilte thabhairt isteach; proinn mhaith bidh ghleásadh dhó, agus seomra leaptha do chóiruighadh dó fá choinne na hoidhche.
“A Fhlaith onóraigh Thírchonaill,” arsan duine uasal ar ball, “b’Fhíor duit an méid a dubhairt tú anois nach cara dhuit Ua Chonchubhair Shligigh. Siné an fáth a bhfuil mise annseo anocht. Ní tháinig mé ó Chúige Mheidhbhé ar fad le tuairisg thabhairt duitse fá’n tsean-ghaol atá eadrainn, acht isé fáth mo theachta le fios a thabhairt duit(leanann ar an chéad leathanach eile)