Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill.
    Lá a bhí Aodh Ruaidh Ua Domhnaill ann a chaisleán féin i nDún-na-nGall agus tugadh sgéala dhó go rabh fear de Mhuinntir Chonchubhair Shligigh san bhaile agus é ag iarraidh seal cainnte le flaith Thír Chonaill. Thug Aodh Ruadh cead uadh an fear do thabhairt ann a láthair. Ar dteach isteach do mhac Uí Chonchubhair d’umhluigh sé do’n triath. Do chlaoin Aodh Ruadh a cheann agus d’fhiafruigh goidé bhí ag cur buadhartha air, na goidé fath a asdair ó Chúige Chonnacht. Char fhreagair an fear é acht labhair ann a dhóigh fhéin. “A Uí Dhomhnaill,” ar sé tá mise gaolmhar duitse.” Goidé an gaol ata eadrainn“ arsa Aodh Ruadh. “Tá,” ars an fear, “col seachtair eadrainn. Bhí fear do mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge