Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Buachaill an tSléibhe RuaidhBhí lánamhan ‘na gcomhnuidhe ar a t-Sliabh Ruadh agus ní rabh acu acht aon mhac amháin. Tógadh ariamh ar a t’sliabh é gan [fhága]? Ní dhearn sé adath ariamh acht a buachailleacht caorach. Áit ionadach scaithte a bhí sa tSliabh Ruadh nach rabh mórán siubhal daoiní air agus mar sin dó ní rabh cleachtú ag an bhuachaill ar chodhruisc no ar cuidheachta ar bith acht indiaidh a chuid caorach sa lá agus i gclúdaigh a athara agus mháthair san oidhche. Tógadh é gan cóir gan cáin go rabh se na buachaill. Bhí sé maidin amhain go luath ag amharc indiaidh a cuid caorach. Bhí cuid aca caillte aige agus béigin do buaileadh isteach a sliabh ar a lorg. Ar teacht ar [amha]? a bhealaidh mhóir dó tchí sé slaighte ar bun sliaighte ag tarraingt air aniar. Níor lear leis go bfaca sé oiread daoine ariamh gur shíl sé nar bhfeidir oiread daoiní a bheith ar an shaoghal ar cor a bith. Dar leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- P. Mac Ailín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)