Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Caisleán Mhic Diarmada; Iníon Uí Chonchubhair; Fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne; Bréagchomhairle Iníne Mhic Dhiarmada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seadh na can radh mar nach rabh fhios aicí goidé run do bhí ag a h-athair agus meas sí nach rabh fios ag an chruitire goidé ‘n rún do bhí ag Aodh Ruadh acht oiread. Cibé ar bith mar chuaidh an sgéal eadar Aodh Ruadh agus Méadhbh Ní Chonchubar, is cinnte sin go rabh beirt san Chaisleán nar thaitin a gcomhluadar - san leobhta i Maolmhuire Mac Suibhne agus Fionnghuala Ní Mhic Diarmada. B’ fhios don t-Suibhneach fáth theachta Aodha Ruaidh ar an eachtra sin, agus ba chuma leis é go dtí go bfaca sé Méadhbh. Ó’n uair sin deirigh éad agus formad ann a chliabh ann aghaidh a chómhdálta mar deirigh gnád ann a chroidhe do Mhéadhbh. [B’fheidir]? fealltach cam é ó nádúir agus a croidhe istigh rinne sé Meadhbh dhó fhein agus rinne sé rún Aodh do thiomaint ón Caisleán. Bhí barramhail aige go rabh fuath ag Meadhbh d’Ua Dhomhnaill ó do sgrios se duthaigh a h-athar agus sé an céad rud do rinne sé innsint duithe gurab é Aodh Ruadh an cruitire. Chá rabh fhios aici anois goidé dheanfadh sí acht cuaidh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge