Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 110
- XML “Caisleán Mhic Diarmada; Iníon Uí Chonchubhair; Fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne; Bréagchomhairle Iníne Mhic Dhiarmada”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Clifford a ráidht nár bhfeárr leis an darna fear ann Éirinn teacht ann a chomhcháirdeas ag géilleadh do ‘n bhainríoghain na Flaith Tírchonail. D’éirigh an cruitire ar buile “na madraí Gall ar sé, mise teacht ann a gcomhair agus géilleadh dá mbainríoghain an drong [míothrr]? Aireac a tá ag milleadh ar dtíre agus ag daoradh ar gcinidh. Nach rabh mé ann a [gcarcair]? bréan go rabh mé chomhair a bhéith marbh aca nach - Mhothuigh sé ann seo go rabh Meadhbh ag amharc air amhail is dá mbudh fhear mhire a [bhí]? ann. Chas sé an sgéal go cliste. Bhí Aodh Ruadh i gcarchair ag na Sasanaigh fosda agus rinne éagcóra móra do leis na gallaibh, agus níor mhaith leis géillead dóbhta nidh nach iongnadh. [Ach]? dá sgaoilfeadh d’athair a choimhcheangailt le Gallaibh agus troid do dheanamh ann an - aghaidh mar [bu]? dhual do thriath de Chloinn Choncubhar bhéad Aodh Ruadh ann a shan - charaid aige. Bhéarfadh sé arais as leadhb talmhan aduigh dó agus do bhéarfaidh sé cúitiughadh dó i ngach dochair agus díoghbháil do rinneadh air car dhubhairt an óigbhean(leanann ar an chéad leathanach eile)