Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leo i gConnachtaibh. D’fhanadar an chéad oidhche i dtigh biadhtaigh i dTIr [Chorain]? agus ó bhí a lán daoine ar aoidheacht ann ba mhian leo ar ndóighe ceol na cruite do chluisint ón chruitire. B’éigin d’Aodh Ruadh seinm ar an chláirsigh agus abhrain do ghabhail fosda, rud nar dhoiligh dhó, na bhí guth binn aige agus e oilte go maith i ndántaibh agus i bhfilidheacht na mbárd. Bhí móran cainnte ar cois aca fá shluaghacht fear Thírchonaill. Chuala Aodh Ruadh iad ag trácht ar a anfhlaitheas féin, agus dubhradh gur thríd uamhan agus imeagla roimh Ua Conchubhair ghéill sé an chreach ghabháil do thabhairt arais do inghin Uí Chonchubhair. D’aithris duine ann, do ghuth árd, an iomad uirsgéal ar an fhlaitheas agus Tíorantas Aodha Ruadh ann a thír féin; mar go [gchrochf]? sé fear gan fiú acht cnaipe na(leanann ar an chéad leathanach eile)