Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag tarraingt orainn le luas na gaoithe. Choisreagh gach duiné é féin agus dubhairt an té a bhí ábalta ar a radh paidir. Leig fear na stiúrach leis an sgód agus thug sé guala an bháid sa mhórtas. Níorbh fhada go rabh sí ag damhsa ar na tonna. Thosuigh an cáthadh a dhul tharainn agus ba ghearr go rabhamar chomh fliuch is dá mbéamuis san abhain. Ach ba chumha linn fliuch nó tirim sinn dá n-éirigheadh linn cos a leagan ar talamh tirim. Ní raibh eadrainn agus bás ach clár beag éadtrom báid. Ghéanfadh (?) mórán againn éacht ar tír mór ach ba laige 'ná naoidheanán ráithe an té b'fhearr againn nuair a tháinig an gábhadh. An bhfaca tú fraoch na fairrge ariamh. Is sgáthmhaire agus is uathbhásaighe é ná'n cogadh is fuiltighe. Tá dóchas éigin ag an t-saighdiúir go n-éalóchaidh sé as an ár, ach níl dóchas dá laighead ag dream mar bhí linne an lá úd go bhfeicfidh siad teach nó áit go bráth nuair a thig tonn ar mhuin tuinne dá gcaitheamh anonn is anall. B'ádhmhail gurbh' é Séimus (?) Mór a bhí linn. Dá mbadh duine ar bith eile a bhéadh ann, is cinnte go gcaillfidhe sinn. Nil a fhios agam goidé mar rinne sé é ach leig sé an bád thart go raibh a dheireadh sa ghaoith. Thug sé rith trágha di annsin. Is sinne a bhí buidheach (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Nic Gloinn
- Inscne
- Baineann