Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 544

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 544

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 544
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann am amháin agus bhí capall agus searrach aige. Phós sé bean iongantach deas.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann am amháin agus bhí capall agus searrach aige. Phós sé bean iongantach deas. Bhí inghean aca. Sa deireadh fhuar an bhean bás, agus phós an fear arais. Ní rabh an dara bhean cineálta leis an gcailín labhradh sí go garbh léi. Bhualadh sí í. Sa deireadh díbhir sí is an phálas í. Imthigh leat amach ar an gcnoc ar seise. “Agus bhí ag tabhairt aire do na caoraigh. Níl áit ar bith agat annseo, agus b’éigin d’on cailín bhocht an cnoc a bhaint amach. Ní bhfuar sí greim le h-ithe ó dhuine. Shíl an leas-mháthair na bfhada a bheadh sí beó amuigh sa bhfuaith gan dídhean gan beatha, agus bhí sean-chaora dhubh sa tréad agus thagadh sí cuicí agus thugadh sí biadh dí le h-ithe agus éadach le cur uirthi. Mar sin do mhair an chailín a bhfad. Dfhás sí agus déirigh sí an áluinn láidre. Chualaidh an leas-mháthair sa daoibh dí agus níor chreid sí chor ar bith é. Ní rabh sí sásta go bhfuigheadh sí amach an sgéal. Mar sin deáluigh sí fhéin amach ar an gcnoc maidin amháin sul ar éirigh an ghrian agus chuaidh sí a bhfolach sa charraig. I lár an lae thainig an caora leis an mbiadh mar ba gráthach léi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Néill
    Inscne
    Baineann