Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 540
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal GrinnBhí fear in a chomhnaidhe a mbaile s-againne uair amháin agus bhí sé ar shiubhail ag cruinniughadh caorach. Sa deireadh tháinig Fear gortach air. Rinne sé amach go rachadh sé abhaile. Táinig sé fhad le sean-teach. Chuaidh se isteach. Diafruigh sé do bhean an toighe an rabh bídh (bidh) ar bith réidh aicí. Dubhairt sí go rabh an dinnéar ar an téine aicí. Thug sí aníos giota aráin aige. Sa deireadh bhí an dinnéir réid. Bhí cas maide ar an bhean. Bhí mála gaoithe thart air. Thosuigh sí ag baint an chos duithi. Ní rabh fhios ag an fear caidé bhí sí ag déanamh. Thosuigh sí ag brúghadh na préataí le cois an mhaide. Thóg sí an póta annsin. Bhí gabhar ag taobh an tuighe. D’fhág sí an póta faoi an ghabhar agus thosuigh sí ag blíghe an ghabhair isteach ann. Thosuigh na ribeacha ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann