Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 505
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Tá gleann cómhgarach do Chill Chathrach i dTír Chonaill, darbh ainm an gleann bholcain.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ag cruinniughadh an fhear agus rinne sí dearmad don leanbh. D’amharc sí thart ins an deireadh agus chonnaic sí fear ag rith trasna an mhiodúin agus an leanbh leis faoi na asgal. Sgairt sí ar Mhicheál agus diarr air an páiste a bhaint don fhear. Léan Micheál é agus bhí ráca leis in a láimh. Rith sé suas gleann bholcain go dtí go dtáinig sé fhád le leabhaidh Dhiarmada agus Gráinne. Labhair an fear cúpla focail agus agus d’fhosgal an gréig agus léim an fear isteach. Choinnigh Micheál an poll fosgáilte leis an ráca go bhfuair sé féin isteach. Ag dul isteach do ní raibh aon nduine le feiceál acht sean-dhuine a rabh féasóg liath air na shuidhe ag an teinidh bá é an bholcan mór é. Dfiafruigh Micheal do cá raibh an fear a rabh an páiste leis. Bhí an ráca tóghtha ag Micheál. Diarr an t-seandhuine air an ráca a chur síos agus go bhfuigheadh sé an leanbh. Sgairt sé ar an fhear a bhí san tseomra an pháiste a thabhairt anuas. Tugadh anuas páiste cuige acht ní paiste Micheal a bhí ann. D’iarr Micheál ortá a leanbh fhéin a thabhairt chuige. Tugadh anuas an leanbh chuige annsin. D’iarr a bolcan air gan baint don clog a bhí os(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Néill
- Inscne
- Baineann