Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 488

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 488

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 488
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear in a chomhnuidhe ar an Ghlaisigh am amháin agus chuaidh sé go dtí an tSrath-Bán.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear in a chomhnuidhe ar an Ghlaisigh am amháin agus chuaidh sé go dtí an tSrath-Bán Ní rabh airgead go leór aige le theacht na bhaile ar an traen. Dubhairt sé leis fhéin go ndéanfadh seisean cleas. Chuaidh sé isteach i (dtraen) dteach taibrinne agus díarr sé loistín. Fuair sé loistín. Bhí sé in a shuidhe sa chistinnigh agus é go h-uaigneach. Tháinig fear an t-siopa isteach. Dubhairt an fear a bhí astoigh leis. Nach h-uaigneach an áit é seo.
    Níl greann ar bith ann. Níl maise arsa an fear an t-siopa. Creidim go rabh tusa cleachtuighthe le greann. Dubh an fear eile go rabh, “Tá greasuidhe beag amuigh annseo agus bheurfaidh mé isteach é arsa fear an t-siopa Chuaidh sé amach agus thug sé isteach an greasuidhe agus d’imthigh sé fhéin amach aríst. Chuaidh an fear a bhí astoigh sa cistinnigh amach un t-siopa fá choinne dhá ghloinne d’en uisge-bheatha a b’fhéarr a bhí sa t-siopa. Fuair sé sin. Thug sé cheann aca don ghreasuidhe agus d’ól sé an ceann eile é fhéin. Bhí siad ag comhrádh tamall“. D’fhiafruigh an fear eile d’on ghreasuidhe ar mhaith leis púnta a shaothrughadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic Ghloinn
    Inscne
    Baineann