School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 466
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.”
Sean Sgéal.Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d’iarr sé ar albanach a mhac a choinneailt. Ní rabh ag an Dálach ach aon mhac amháin. Ghlac an t-Albanach leis an bhuachall agus gheall sé go dtabharfadh sé sgoil agus léighinn do. Dimthigh an t-sean Dálach san oidhche ar eagla go bhfeicfidhe é. Bhí na h-Albanaigh eile ag teacht achan oidhche le mac an Dálaigh a chur ann báis ach ní leigfeadh an t-Albanach daobhtha. Oidhche amháin chruinnigh siad go dtí an teac an áit a rabh an Dálach óg ann. Dubhairt siad go rabh siad dul a chur an gasúr un báis. Táim ag iarraidh orraibh athcuinge amháin gan gléas báis a chur air annseo san áit ar tógadh é arsa an t-Albanach. Cuirfidh muid féachailt anocht ar an pheata seo atá agat go bhfeicfidh muid goidé atá ann a intinn. Bhí beirt mac ag an albanach, agus cuireadh an triúr amach fiafrughadh d’en triúr annsin caidé bhí ann a intinn no goidé an athchuinge d’iarrfadh siad. Diarr an fear gallta ba shinne bean dhóigheamhail. Diarr an dara fear shaidhbhreas a sháith a bheith aige fhad as bhéadh sé beó. Tháinig an Dálach ar aghaidh annsin agus diarr sé claidheamh agus fear os choinne gach realtóg a bhí san spéir. Bhí sin doimhin go leor. Bhí an fhuil ann, is bhí sé árd té. Dinnis siad (an) don Albanach annsin an athchuinge a díarr gach aon duine aca agus dubhairt siad leis go rabh sé ag tógailt droch pheata. Ní rabh dadaidh annsin ach ag féachailt gléas(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Néill
- Gender
- Female