Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 459
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht. Bhí dlighadeoir aige. Dubhairt sé leis “Nuair a rachas tú isteach, agus nuair a labharfas an breitheamh leat toisigh ag feadalaigh. “Nuair a chuaidh sé isteach chuir an breitheamh ceist air thosuigh sé ag feadalaigh, agus rinne sé sin le achan nduine. Diarr an breitheamh ar a ghabháil na bhaile nó nach rabh sé i gceart. Tháinig an fear amach. Bhí an dlighadeoir amuigh fosta. Dubhairt sé leis anois leig mise saor thú agus tá gíní a dhith orm. Thosuigh an fear ag feadalaigh. Ó a deir an dlighadeoir. “Níor shíl mé go rabh tú comh críonna sin.Seanscéal
“bhí gasúr beag dar b'ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche.”
Sean Sgéal.Bhí gasúr beag dar b’ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht trasna na-h-abhna chonnaic sé an bhean roimhe. Labhar sí leis agus arsa sise, “Bí ag Carraig-na-Rón ins an oidhche a mbárach. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh Séarlas ag an tsagart agus d’innis an sgéal do. Thug an sagart bonn do. “Sé an sean-bhoc a bhí ann arsa an sagart. An oidhche sin chuaidh sé go dtí na carraige amach as a choinne chonnaic sé an fear dubh. Chonnaic se an ruball agus na crúba agus bhí fhios aige gur an diabhal a bhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Néill
- Inscne
- Baineann