Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áiteacha Stáireamhail i bParóiste Gleann Fhinne.Mín-na-Gcnámh.
Nuair a bhí na Gaidhil ag dul suas Cnoc-na-Sidhe. Chuaidh cuid aca síos ag Ált-na-Péiste ag dul go dtí an áit a bhfuil Mín-na-Gcnámh anois. Tháinig na Sasanaigh ortha agus mharbh siad iad agus d’fág siad annsin iad. Bliadhanta na dhiaidh seo fuair na plantalaidhe na cnámha agus chuir siad iad ann aon uaighamháin. Tugtar “Garaidh na gCorp” ar an áit sin.Srath-na-Brátóige.
Nuair a bhí na Gaidhil ag teicheadh roimh saighdiúr Coote ag cath Scarfhollis ag Litir Ceanann, tháinig cuid aca isteach fríd Gleann Súiligh. Chuaidh siad trasna na h-abhna san áit a bhfuil an Eiliteach anois. Bhí na saighdiuirí ag teacht comharach. Bhí a mbrát leis na Gaedhil. Ar eagla go bhfuigheadh na Sasanaigh greim ortha chaith siad i mbráth isteach san abhainn. Baisteadh Sráth-na-Brátóige ar an áit sin shoin.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann