Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 449
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b'ainm Séamus Ua Frighill 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gConndae Dhúin-na-nGall.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ní fhacas ins na Rosaibh ariamh ó shoin é. Annsin thug Páidín an t-ór na bhaile. Bhí a mháthair na chodhladh san am seo, agus nuair a mhusgal sí ar maidin bhí iongantas mór uirthi. Bhí iongantas (mór i) níos mó uirthi nuar a chualaidh sí sgéal. Páidín ó thús go deireadh. Do chaith Páidín saoghal fada anois agus bfhuras do, no bhí neart saibhreas aige.Seanscéal
“Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaideach agus Seán críonna.”
Sean Sgéal.Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaidheach agus Seán críonna. Chuaidh siad síos go dtí an Sráith Bán le fastughadh a dheánamh. D’fhastuigh an bheirt. Lá amháin chonnaic Seón teach mhór ag taobh toighe a mhaigheastar. Ní rabh duine ar bith na chomhnuidhe ann. D’Fiafruigh Seón do mhaighistir cá tuige na rabh daoine na gcomhnuidhe ins an teach seo. D’innis an mhaighistir do go rabh taidhbhse ann agus dá bhfanfadh seisean trí oidhche ann go dtabharfadh sé cúig púnta do. Dubhairt Seón go bhfanóchadh, nach rabh eagla ar roimh taidhbhse ar bith. An chéad oidhche chaith Seón ann i dtráthaibh an mheadhon oidhche tháinig dhá fhear dhéag isteach agus (m) comhnar leóbhtha. Leag siad an comhnar ar an urlár agus léim fear mór dubh amach as, thosuigh an dá fhear dhéag dá bhualadh. Sgairt an fear mór dubh ar Seón cuiduighadh leis. Chuidigh Seón leis. Tháinig siad an dara oidhche arais. An tríomhadh oidhche dubhairt (se) Seón leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann