Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 445

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 445

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 445
  3. XML “Tobar na nAingeal i bParóiste Ghleann Fhinne”
  4. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá an tobar seo thall i mBaile Chiarragain. Tá na cnuic thart ar uilig, agus dá mbeitheá annsin ag dul ó sholus do bhéadh eagla ort thaibhre na cnuic atá thart air. Deir na sean-daoine go rabh sagart ag leigheamh Aifrinn annseo in aimsir na Pionamhla. Bhí fir ag coimhead agus i lár an Aifrinn chonnaic siad na cótái dearga ag bárr cnuic na h-Áilte Peiste. D'imthigh na daoine a bhí ag Aifrinn uilig ach seisear no seachtar. Tháinig na saighdiuirí ach ní thiocfadh leobhtha rud ar bith a fheicéal. Deirtear gur chuir na h-Aingle sgáth ortha. Roimh lá Béaltaine téidh daoine annsin le turas a dhéanamh. Théidh siad thart seacht n-uaire fan tobar ag rádh deichnear d'en pháidrín gach uair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Naomh Anna mathair-mhór ar Shlanuightheóír, impighimid thú, guidhe ar ár son-sa. leis an dólas a fuair tú an t-am a fuair Mac dó Inghian cheasadh, ceas ar n-inntine ar láis (?) ar Slánuightheoir gó bráth

    (Mé fhéin a chum. P. Mac A)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)