Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 443

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 443

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 443
  3. XML “Paidir”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. A Íosa, is mór mo thruaighe Thú, sínte ar mo shon-sa, ar bhliuc amaid. Sin mó chroidhe le dólás ar do shon-sa, A Íosa Mhilis
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Chualaidh mé Michéal Ó Scanalan (as Cró-na-Dúinne an Clochan) ag rádh go raibh stone-axe agus flint arrowhead ar a athair.

    Chualaidh mé Michéal Ó’Scanalan (as Cró-na-Dúinne an Clochan) ag rádh go raibh (stone-axe agus (flint arrowhead) ag a athair. agus gur (Tuagh na mire) an t-ainm a bhí aige ar (Slíne Axe) agus (Sághad na Spéire) ar (Flint arrowhead) Bhí seort creidimh ag a athair (a dubhairt sé) Nuair a bhí a leithead le fághail in áit ar bith go raibh droch-am. Nó mí-ádh i ndán d’on áit sin. Chréid a athair gur as an spéir a thainic “Sághad na Spéire”, agus gur comhartha go raibh troid no “dortadh fola in ndán don áit in a fuaras a leithead. Tá baramhail ag na sean daoine go fóill gur ins an spéir a dheanas “Flint” an toirneach nó thig drithleógaí as dhá ghiota “Flint” cumailte ar a chéile.
    Chuir mé ceist ar Mhicheal caidé’n baramhail a bhí ag a athair fa Tuagh na Mire (Stone Axe). Dubhairt sé gur shíl na sean daoine go rabh dream-fiadhain (Lucht Mire) (a dubhairt seisean) sa tír seo fadó, agus nach raibh oiread inchinn acú go dtiocfadh leo gléas troda níos féarr a dheanadh. Dubhairt Mícheal, gur shíl sé fhéin, gur órnadaí bhí ag na daoine fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge