School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 429
- XML “Balor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sgéal Bhalóir agus Lughaidh ar sgéal comh sean is atá ag Gaedhil. Ní in Éirinn a cumadh é. Bhí sé mar oigrideacht leis na Gaedhil ag teacht chun na tíre doibh. Taisbeánann sgéal Polyphemus agus sgéal Acrisius 7 Perseas a bhí ag na Gréagaigh go raibh an sgéal ann sul ar sgar an chuid sin den cineadh daonna ar díbh na Gaedhil 7 na Gréagaigh le chéile. Ba é Balór Beimeann Dia an Bháis i bhfeallsamhnacht na nGaedhal. Bhí súil amháin i gclár an éadain aige 7 bhí an bás san t-súil sin; óir nuair a thógadh sé an chúmhdach a bhí ag folach na súile, chuirfeadh an t-amharc a bheireadh sé ar an namhaid gach duine dúbh chun báis. Dálta Polyphemus bhí sé in a chomhnuidhe ar oileán mara. I dToraigh ar an taobh ó thuaidh de Thír Chonaill a bhí a dhún-árus. Tá Dún Bhaloir mar ainm ar an ait atá ar an taobh thoir de’n oileán go dtí an lá atá indiu ann. Chuir Balor ceist ar bhioróig an(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micí Chaitlín
- Gender
- Male
- Address
- Inis Bó Finne, Co. Dhún na nGall