Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 277
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Baile beag liath, suaimhneach is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin.”
Baile beag liath, suaimhneach, is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin. Tá na sraideannaí árd, clocha cruinn orthú, na taobhannaí deanta de clochaibh gainimh ag ardughadh suas ó Loch Chuaid (?). Ar an taobh theas d'en bhaile bheag seo tá " Caisleán Chille-Liathaigh " in a suidhe ar chnuic os cionn na locha.Ba le Clann Mhic Artain an ait darb ainm Cill-Liathaigh agus Ceann Iartaigh, ach thainig fear darb ainm Séan De Courcey, teaghach de as Sasain agus socruigh síad i Cill-Liathaigh agus thóg síad Caisléan. An sean Caisleán ag Cill-Liathaigh, ghlac Cromail seilbh air fa bhlían 1649. Annsin fuair Tighearna Dufferin an caislean fa bhlían 1708.Sgríobh an bhean uasal Dufferin an dan ghalanta " I'm Sitting on the Style Mary ". Tá miodún (?) faoin caisleán tá abhainn bheag ag sileadh, agus roilig cóngarach fósta. Do réir na gCeithre Maighistir chuaidh (?) Níall Ó Lochlann sa bhlían 1149, agus thug arm leis agus sgríos síád Cill- Éoin (?). Tá claidhe deanta de clocaibh thart fa'n roilig agus tá na ballaí d'en sean teach-phobal le feicsail go foill. Tá geafta iarainn crochta ar dhá phillar chloiche ar an roilig seo. Ag taoibh an geafta tá an stíle ( style ) ar a bhfuil tracht san dán.- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)