Scoil: Baile Ciaragain (uimhir rolla 13127)
- Suíomh:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach caidé a bhí ag an duine bocht le déanamh. Ní raibh airgead ar bith aige le fágáil ar son na bó a marbhadh ar Pharthalán.
Bhí an bhó a d'fhág Séarlas ina dhiaidh i bhfad níos fearr ná an bhó a marbhadh.
Fear an-ghreannmhar a bhí i Séarlas agus bhí sé go han-mhaith ag déanamh amhráin. Shuigh sé síos agus chum sé an t-amhrán seo. 1
An gcluin sibh mise a chairde
Is tabhair éisteacht do mo scéal.
An gcuala tú an t-ármhach a rinne bó Mhín an Fhia
Bhí sí lúfar láidir
Is ba róbheag a ciall
Nuair a bhuail sí an boc báire ar
bhó Pharthaláin Ruaidh.
Leoga féin a Pharthaláin
Is truaighe é mo scéal
Ag fágail na bó báine
Is ag imeacht go Mín an Fhia(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Fionntaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)