School: Baile Ciaragain (roll number 13127)
- Location:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Ciaragain
- XML Page 313
- XML “An Loán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhealaigh mhóir, agus chuaidh sí isteach ann.
Ní rabh sa teach acht sean chaile críon caitte. D'iarr an cailín loistín go maidin, agus fuair sí é. D'fiafruigh an chaile dí ca rabh sí ag dul, agus d'innis an cailín dí go rabh sí ag imtheacht ag saothrú.
Nuair a bhí sí ag imtheacht ar maidin d'iarr an caile uirthí fanacht, agus d'fastuigh sí í, acht ní rabh sí h-amharch suas an seimléir.
D'fán an cailín agus i lár an lae shíl sí gur bhocht an rud dithe a bhéith annsin, agus gan amharch suas an seimléir. D'amharch sí suas, agus thuit mála ór anuas.
Rug sí air, agus d'imthigh cómh tapaidh, agus thiocfadh leithí.
Chuaidh sí fhadh le claidhe.
"Caith cloch no dá cloch díom no níor caitheadh cloch díom le seacht mbliadhain arsan claidhe. "Níl faill agam" arsan cailín.
Cuaidh sí go garraidhe cail.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Fionntaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir