Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 205
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann i bhfad ó shoin darbh ainm Domhnall agus Máire.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus cúig phunnta leis. D’iarr sé ar Mháire é a thaiscidh fáchoinne na coise tinne. Cupla lá na dhiaidh sin tháinig bacach isteach agus cos mhaide air. Thug Máire na cúig phunnta dó. Nuair a tháinig Dómhnall na bhaile ins an oidhche, dubhairt Máire leism go rabh bacach annsin indiú agus go dtug sí na cúig phunnta dó. “Creidim gur sin an chois thinn ar iarr tú orm iad a thaiscidh dó arsa sise. “Féadaidh muid an doras a dhruid agus imtheacht linn” arsa Dómhnall. “Ní sinn an rud a d’iarr mé ort ar chor ar bith ach é a thaiscidh go mbéadh sé a dhith go cruaidh orainn”. Ach béidh mise níos críonna an dara uair” arsa Máire. Lá ar na bhárach tháinig sé na bhaile agus cloch mhuicfeóla leis. Dubhairt sé le Máire go mbéadh sé maith le cur leis an cháil. Teacht do Dhómhnall an oidhche thar na bharach dubhairt sí gur chuir sí crap muicfheóla le achan stoc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Áine Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall