Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 203
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus rinne sé amach gur chóir an méid ministear a bhí san áit a mharbhughadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)lá ar na bhárach chas amadán do agus arsa seisean. “Cia mhéad a ghlacfadh agus ministéar a chaitheamh san áit nach bhfeicfidhe níos mó é?” “Cúig a’s púnt” arsa an t-amadán. “Maith go leór siubhal leat anois”, arsa an fear. Cuaidh an fear isteach ‘na toighe agus thug ministir amach do’n amadán. Chaith an t-amadán an ministir ar a dhruim agus síos leis ag tarraingt ar an abhainn. Chaith sé (síos) isteach san uisge é agus tháinic sé aníos arais, fachoinne an airgid. Nuair a tháinic sé go dtí an doras bhí an fear annsin agus greim aige ar mhinistir eile agus arsa seisean. “Maigh ó, tá sé annseo go fóill; gabh síos arais agus caith isteach go maith é”.
D’imthigh an fear leis agus chaith isteach i lár an uisge dhomhain é. Annsin tháinic sé aníos agus caidé a tcídh sé ach an fear agus greim aige ar an tríomhadh mhinistir agus arsa seisean, “Droch rath air tá mé marbh ag rachaidh leis”. “Bhall fág shíos anois aríst é agus b’féidir na n-iarradh sé a theacht arais,” arsa an fear. D’imthigh an t-amadán agus an tríomhadh ministir ar a dhruim leis agus chaith san uisge é. Nuair a bhí sé d’á chuir síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall