Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 200
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ní dheárn sé dadaidh agus níor labhair sé focal ach an mála leathair a bhí ar dhruim an chapaill a tharraingt anuas. Fuair sé boul an óir istoigh ann. “Is beag a shamhail mise gur seo an seort óganaigh a bhí ionnatsa agus crochfaidh mé i mbárach ar uiar an dó)ig) dhéag os coinne an dorais aghaidh amach” arsa seisean. Níor dubhairt an buachall dadaidh ach “Cibé ar bith atá romhat caithfidh tú theacht fríd téigheadh an saoghal mar is mian leis”. D’fiafruigh an fear uasal dó caidé b’áin leis le sin a rádh. “An oidhche a tháinig mise ar an t-saoghal” arsa seisean bhí duine uasal ins an teach s’agam go maidin agus ba é a choinnigh mise le bhaisteadh. Ar maidin nuair a bhí sé ag imtheacht fuair sé giota de chroiceann chaorach Sgríobh sé líne air agus chuir ar mo muineál é” Ins an am chéadna dá tharraingt amach as a phoca agus dá thabhairt dó’n mhaighistir. D’amharc sé ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall