Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ar an rud a bhí ar a mhuineál. Shuidhe sé ar an chlaidhe gheárr sé é agus bhain sé de é. Léigh sé é. Nuair a chuaidh sé na bhaile ní rabh sé ábalta a dhinnear a ithe. Smaointigh sé go n-imtheochadh sé ó na bhunadh agus nach mbéadh sé ag tabhairt náire dá bhunadh nuair a chrochfaidh é. Dubhairt sé le na mháthair maidin amháin go rabh sé ag dul ar shiubhal a shaothrughadh a chodach. Rinne a mháthair réidh é agus d’imthigh leis. Ach [nduine]? a chasadh dó ní rabh maith ar bith dóbhtha ann. D’innseochadh sé dóbhtha nach deárn sé obair ar bith ariamh ach ar an sgoil. Nuair a bhí sé ag dul mall go maith trathnóna amháin casadh fear uasal air agus é ar dhruim capaill. D’fhiafruigh an fear dó cá rabh sé ag dul. Dubhairt seisean nach rabh fhios aige cá h-áit a rabh sé ag dul. D’fiafruigh an fear uasal dó caidé an seort oibre a bhéadh sé abaltá a dheánamh. Dubhairt seisean nach deárn sé obair ar bith ariamh ach ar an sgoil. Thug an fear uasal leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall