Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 167
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Chuaidh Éireannach anonn go h-Albain am amháin ag saothrú a chodach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fear an t-siopa “agus (glanafaidh) glanaigidh amach as mo toighe sa nó bheirfidh mé na garrdaí isteach” Amach leis an bheirt (eile) agus d’imthigh chuig atúrnaidhe. Chuaidh siad isteach agus d’innis an t-Éireannach an cas dó agus dubhairt an Sasanach go dtiocfadh leis mionnadh go rabh sin fíor. Maith go leór arsa an aturnaidhe, dheánfaidh mise mó dhícheall díbh. Tháinic lá an dlighe agus chuaidh an beirt ‘un na cúirte bhí fear an t-siopa annsin agus caidé bhí leis ach fear (eile) siopa eile a bhí ag dul a mhionnadh gur aige fhéin a d’fhág sé an t-airgead agus go rabh an t-Éireannach ag cur síos bréige do fhear an t-siopa. Tháinic an cas un thosuigh agus mhionn(aidh) uigh an t-Éireannach gur fhág sé an t-airgead (aige) ag fear an t-siopa agus gur dhúiltuigh sé é a thabhairt dó, le sin d’éirigh an siopadár a bhí i léith fhear an t-siopa agus arsa seisean “Agamsa a d’fhág tú an t-airgead” (arsa seisean. le sin d’éirigh an Sasanach ‘na sheasamh “mise a d’fhág mó chuid airgid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamas Ua Creig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ghallbhuaile, Co. Dhún na nGall