Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 156
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear na chomhnuidhe thiar i mbaile na Carraice am amháin agus bhí sé pósta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)d’aontuigh sé a dhul. Chuaidh sé suas ar chúl an mharcaigh agus d’imthigh an bheirt leo go Caisleán na Finne.
Is cosamhail eadar an dá am go dtáinic biseach ar an ighean agus bhí an lúthgair uirthí an t-áthair a fheicáil agus b’eigeán do fanacht ar feadh cupla lá. Bhí an bhean a bhí i mbaile na Carraice sá sin bhean an fhir a d’imthigh bhí sí ag éirigh mió shuaimhneach nuair na radh a fear ag teacht. Chuaidh an oidhche thart agus ar maidín lá ar na bhárach chuaidh buachaillí an bhaile amach dá chuartu. Tháinic siad go dtí an áit a rabh sé ag baint na sgoilb agus fuair siad an corán agus an rópa i bhfolach faoí tom luachaire. Rinne siad amach annsin gur thuit sé isteach sa t-sruthan agus gur báitheadh é. Chuartuigh siad an srúthan agus fuair siad fear báidhte ann agus ní rabh siad abalta é a aithne. Is cosamhail go rabh bacach ag dul thart lá roimhe seo agus gur thuit sé isteach sa t-sruthan agus go rabh sé as áithne.
Thug na daoine leo abaile an corp agus rinne e a fháire, bhí a bhean an (bhuadháirta) bhuadharta agus chaoin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall