Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    muid? Tá muise tobar deas glan órd. amhail astoigh faoi sgáth crann mhóir daraighe. Srúthan beag ag rith le h-ais an tobair. Gan dadaidh thart fá’n tobar ach bratógaí bána a d’fhág daoine ‘na ndiaidh.
    Fághann achan nduine rud an teacht in na ndiaidh cuid aca a fhághann pighineacha ruadh, bioráin, paidrín, ciarsar, agus claspaí gruaige.
    Da mbéadh duine annsin lá béaltaine. Caidé a bhéadh le cluinstin aige? Achan nduine ag guidhe “Naomh Mhuire, Naomh Mháthair Dé, A tighearna deán tróchaire orm”. Is an callán a bhíonn’s acu mhusglóchadh sé na mairbh atá ‘na luighe i roillig Chill Taobhóige.
    Bheireann achan nduine buideál de’n uisge leis abhaile. agus bíonn an t-uisge sin go (aige) curamhach aige leis an t-súil atá ina gceann. Anois caithfidh muid ar gcúig gcéad slán a fhágháil ag tobar na n-Aingeal go mí na béaltaine seo chugainn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic na Mídhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall