Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 136
- XML “Tomhaiseannaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)C. Bean bheag amhuig annsin agus sgian godtí an croidhe inntí
Fr. Measgán ime, agus duine ‘a ghearr
C. Shuidh mé agus chuartuigh mé é, dá bfuighinn é chaiteann ar shiubhal é, ach nuair nach bfuair mé é thug mé liom é.
Fr. Dealg in do chois.
nít se n aitse taobh amuigh de’n chlaidhe nit se n aitse taobh astoigh de’n chlaidhe. Ma bhaineann tusa do n aitse bainfidh n-aitse duit.
Fr. Coll - faithche
C. Ceathrar ar rith agus ceathrar ar crith, beirt ag deánamh eolais agus an roibeanach beag ar deireadh.
Fr. Bó.
C. Bata caol dubh agus é ag damhsa go tuith
Fr. Toit.
C. Caide’n fáth a n-ámharcann an bhó thar an chnoc?
Fr. Mar nach dtig léithe amharc fríd.
Caidé’n fáth a sgriobann an chearc an pota.
Fr. Mar nach dtig léithí é a léige
c. Caidé nar mhaith leat a fhághail agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall