Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “An Buachaill Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “chuir sagart na paróiste anuas muid fa choinne an lód muc is fearr a cheannacht agus dubhairt sé go bhfeicfeadh sé fhéin arais thú”. “O tá an fear uasal sin ceart go leór, Sgaoil sé an lód agus chuir isteach an beathadhach. Nuair a fuair siadsan a chúl tionntuighe dhíol siad na muca. Tháinic fear na muc thart tráthnóna agus arsa seisean “Níor tháinic an sagart anuas go fóill” arsa seisean. “Nach dtáinic” arsa’n buachaill “is fearr dúirn a dhul suas”. Chuaidh an bheirt suas agus chuaidh an buachaill isteach ag an sagart. “Bhál arsa seisean “casadh fear bocht damh thíos annsin agus ní dadaigh amach as (mó) a bheúl ach, dhíol mé ar son mó chuid muc, dhíol mé ar son mo chuid muc, díol mé ar son mo chuid muc, agus ba mhaith liom dá ndéanfá aifigeach dó”. “seál isteach annseo é”. Nuair a tháinic an fear isteach d’imthigh an triúr eile. Stáin an sagart air agus diarr sé air a dhul síos ar a ghlúnaibh go ndéanfa sé aifigeach dó. “Níl aifigeach ar bith a dhit ormsa. Ach díol mé ar son mó chuid muc, díol mé ar son mó chuid muc, díol mé ar son mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Eichthighirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall