Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 127
- XML “An Buachaill Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deiread chuaidh siad isteach go teach ósta agus d’iarr an fear a ba shine trí ghloine uisge beatha. Nuair a bhí sin ólta acu d’iarr siad lóistín. Fuair siad sin agus fáilte. Ar maidín lá ar na bhárach d’éirigh siad agus rinne a mbricfeasta agus na dhiaidh sin diarr an fear a ba shine trí ghloine do’n chuid a b’fhearr. Le na linn d’fhiafruigh an fear a ba shine do fhear an tsiopa an dtiocfadh leis cineál arbith uisge beatha ach chineáol amháin a tharraingt amach as an bharraile. Dubhairt fear an tsiopa nach dtiocfadh. “Maise thig liomsa trí cineáil a tharraingt amach as”, as an fhear a ba shine. Ba mhaith liom dá dtaisbeanfá an dóigh damh arsa fear an tsiopa. “Taisbean achaidh chinnte” arsa an buachaill “an bfuil geimléid agat”. Fuair fear an tsiopa an geimléid agus thug dó e. Rinne se poll i lár an bharraile “cuir do mheur ar sin” arsa seisean. Rinne sé poll ar an taoibh eile “chuir do teanga ar sin anois” arsa seisean “fan annsin anois go dtiocfadh mise isteach” arsa seisean. Amach leis annsin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Eichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall