Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Damharc Murcadha mór na dhiaidh nuair a chuala sé an torman agus chonnaic sé an chailleach ar dhruim an tsearraigh. Rinneadh stuca dearg de nídh nach hiongnadh. Phill sé arais.Thug isteach an corp ‘un toighe. Annsin bhí sé comh sgannruighthe agus gur chomhairligh sé le Murchadha beag agus leis an fhear siubhail.
“Faoi’n spéir”, ars seisean leabhtha “goidé tá cearr aici nuair atá sí ar fad a’ teacht arais”
“Tá fhios agamse go maith” arsa’n fear siubhail “duine saidhbhir thusa agus níor chaith tú go leór léithí go foill. Ba chóir duit fosta”, a deir sé, “ceallag nótaí chur faoi na ceann san chomhnair”.
“Tá eagla mhór orm”, arsa Murchadha mór, “indiaidh sin uilig go bpillfidh sí nuair a thosaigh sí ar an obair”.
“Bhal”, arsa’n fear siubhail, “ma bheireann tú céad púnt damhse geallaim duit nach bhfeiceann tú arais í.
“Maith go leór”, arsa Murchadha mó, “bheirfidh agus fáilte”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Mac Meanamain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall